← Chaitheadar an lá ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine agus ar a gcasadh dóibh abhaile d'iompaigh siad siar féachaint an raibh Oisín ina ndiaidh. 🔊✎
← Chonaic siad Fairceallach, fear a bhí ina stumpa beag ramhar, chucu. 🔊✎
← Ní túisce a ghabh sé amach ná gur éirigh na sé ghadhar agus léim siad in airde ar na boird agus ritheadar síos tríothu. 🔊✎
← Níor fhág siad greim bia ná dí nár alp siad. 🔊✎
← Nuair a bhí a raibh ar na boird ite agus ólta acu, tháinig siad anuas agus shíneadar san áit chéanna ar imeall na tine le hais an tseanduine. 🔊✎
← Níor thug Fionn aon fhreagra air toisc gur lig siad an bia leis na gadhair. 🔊✎
← Níor fhág siad aon ghreim bia ná dí orthu gan slogadh agus siúd chun na tine arís iad i dteannta an tseanduine agus ní aithneodh éinne orthu ar chuir siad aon ní ina mboilg. 🔊✎
← "Agus inis dom anois," arsa Fionn, "cén saghas iad na sé ghadhar a d'ith ar cuireadh ar na boird, an dá uair, de bhia is de dheoch, agus nach n-aithneodh éinne orthu gur ith siad aon ghreim?" 🔊✎